02Feb

Transition Year 2019 -2020

Idirbhliain 2019 -2020. Agus Idirbhliain 2019-2020 ag druidim chun deiridh ba mhaith liom cúpla focal a rá libh a dhaltaí. Ar dtús báire ba mhaith liom gcuirfeadh sibh bhur mbuíochas in iúl do Natasha as an méid imeachtaí a rinne sibh i mbliana a eagrú. Tá an t-uafás obair i gceist leis agus déanann Natasha é a stiúradh ar bhealach ciúin éifeachtach. Smaoinigí siar ar na turais uilig a rinne sibh i mbliana agus an méid eachtraí a thug sibh fúthu – ní bheidh an deis céanna agaibh riamh arís agus tá súil agam gur thaitin said libh agus dtuigeann sibh raibh deiseanna iontacha agaibh. Má bhain sibh taitneamh agus tairbhe astu molaim sibh. Bhain sibh triail as ábhair difriúla chomh maith agus is minic a tháinig mé ar dhaltaí sa seomra adhmadóireachta nó miotalóireachta tar éis am scoile agus obair ar siúl agaibh. Seans gur mhúscail an bhliain seo suim ionaibh tabhairt faoi ábhar nua, caitheamh aimsire nua, tionscnamh nua? Rud amháin atá fíor ná bhfuil sé soiléar domsa gur tháinig fás agus forbairt oraibh mar ghrúpa agus gur éirí libh ceann de spriocanna na hidirbhliana a chomhlíonadh sé sin gur tháinig forbairt agus fás pearsanta oraibh. Ní beag is fiú an méid sin a rá. Cabhróidh sé libh tabhairt faoin gcúrsa ardteiste mar dhaoine atá nach mór fásta suas anois agus tá sé sin thar a bheith tábhachtach sa lá atá inniu ann. Ní féidir liom an deis seo a sheachaint gan labhairt faoin dturas sciála chuig an Ostair a d’eagraigh Maebh daoibh. Táim chomh sásta nach bhfuil aon griangraf ag éinne díom agus mé ag luí le m’aghaidh sa phuiteach ag bun an fhána nuair a theip orm (arís) stopadh in am!!! Chuir mé aithne níos fearr oraibh mar ghrúpa agus thaitin bhur gcomhluadar mór liom. Bhí mé in éad agus faoi gheas ag bhur gcumais sciála – háirithe nuair a chonaic mé Lorcán Ó Meara ag sciáil droim ar ais anuas an fána agus é hiomlán faoi smacht aige!!!! Ná déanaigí deamad ar na hamantaí seo i bhur saol, smaoinigí fial ar a chéile, tabhair aire daoibh féin agus dá chéile agus bualfaimid le chéile arís i mbliain 5. Is trua gur chríochnaigh an bhliain ar an mbealach seo ach caithfimid glacadh la casadh an tsaoil uaireanta. Is ceacht tábhachtach é seo dúinn – tarlaíonn rudaí nach bhfuil aon smacht againn orthu – is é an bealach a dheileálann muid leis ná an t-am a mbíonn clann, dea-chuimhní agus cairde ag teastáil. Tá súil agam gur éirí libh iad sin a fháil i rith na hIdirbhliana seo. Beirigí Bua agus Ádh mór. Feargal Ó Giolláin Príomhoide A dhaltaí agus a thuismitheoirí, Now that we have come to the end of our Transition Year, on behalf of myself and all of the staff in Coláiste Chilliain, we would like to congratulate you all on a truly enjoyable year. The múinteoirí thoroughly enjoyed teaching new (and not so new) subjects and appreciated how you embraced the year through all your hard work and efforts. Céad míle buíochas to Natasha Ní Phreastúin, who worked so hard behind the scenes, organising tours and events and keeping it all ing. We are incredibly disappointed not to be able to reflect upon all the great memories from the year, nor to be able to celebrate all of your wonderful achievements in person at our ‘Óiche Bhliain 4’. It’s sometimes hard to appreciate the fruits of your labour until it’s all completed and we understand how difficult it must be not to be able to close the TY chapter as we usually would. We are however, very proud of all your achievements and we have noted how you have matured and developed over the year. Now we look forward to welcoming you all back in the new term, ready and excited for Fifth year! Until then, mind each other, stay connected with each other (while socially distancing of course!) and most importantly, stay safe. Le gach dea ghuí Mairéad Nic Mhathúna. Ceannn Bliana A dhaltaí agus a thuismitheoirí, Tá sé dochreidte bhfuil an bhliain scoile seo thart! Mar atá ráite is cúis bhróin é nach féidir linn deireadh na hIdirbhliana a cheiliúradh mar is gnáth le Oíche na hIdirbhliana. É sin ráite, tá an-chuid cuimhneacháin agam ón mbliain a chuireann mangadh gáire ar m’aghaidh Faraoir ní raibh am again gach rud sa bhliain a bhaint amach, ach is cinnte gur bhaineamar an-taitneamh as an mbliain. An priomhaidhm atá leis an Idirbhliain ná cabhrú libh forbairt a dhéanamh oraibh féin agus taithí nua a bhaint amach. Tá súil agam mbeidh sibh in ann na taithí agus forbairt seo a úsáid le roghanna don ardteist agus amach anseo a dhéanamh. Mar atá ráite ag Feargal; Tá fás agus forbairt tagtha oraibh agus tá mé an-bhródúil asaibh. Táim ag súil le hobair libh i mbliain 5, Bainigí taitneamh as an Samhradh agus feifimid sibh i mBliain 5! Le gach dea ghuí, Natasha Ní Phreastúin Co-ordaitheoir na hIdirbhliana